An N7/an N11 ón Inbhear Mór go dtí Ráth Naoi

Bhí ceithre ghné ar leith faoi mar a dtugtar cuntas air thíos i gConradh CPP an N11 ón Inbhear Mór go dtí Ráth Naoi.
- An N11 ón Inbhear Mór go Ráth Naoi. Stráice thart ar 16.5km de dhébhealach ar an stráice idir an tInbhear Mór agus Ráth Naoi a dhearadh, a thógáil, a oibriú agus a chothabháil ar an N11 anuas ar nascbhóithre, taobh-bhóithre agus acomhail ghaolmhara a cheanglaíonn Seachbhóthar N11 reatha an Inbhir Mhóir le Seachbhóthar N11 Ráth Naoi/Áth na Fuinseoige;  
- Uasghrádú Chrois an Fhearainn Nua. Uasghrádú Chrois an Fhearainn ar an N7, a tháinig in ionad an acomhail chomhréidh a bhí ann cheana féin ag crosbhealach N7 Bhóthar an Náis agus Bhóithre an R113 Belgard/Cnoc an Fhuaráin ag Crois an Fhearainn Nua i gContae Bhaile Átha Cliath Theas, le hacomhal ilairde.
- An N11 reatha a Oibriú agus a Chothabháil. Fad breise 30km de bhealach reatha an M11 bealach (an tInbhear Mór-Guaire agus Seachbhóthar an Inbhir Mhóir) a oibriú agus a chothabháil, ina ndéanfar roinnt oibreacha uasghrádaithe freisin.
- Ionad Seirbhíse Ghuaire. Ionad Seirbhíse Ghuaire ar an N11 a dhearadh agus a thógáil, saoráidí an ionaid seirbhíse san áireamh.
Bhí na costais dearaidh agus tógála tosaigh á maoiniú ag an gcuideachta CPP, a ndéanann íocaíochtaí (tugtar Íocaíochtaí Aonadacha nó Fála orthu) a íoc, ar a uain sin, a dhéanann TII i rith théarma an chonartha tréimhse oibríochtúla breis agus fiche a cúig bliain. 
Bronnadh conradh CPP N11 in Aibreán 2013 ar Arklow Rathnew CPP Limited agus ba iad BAM CPP PGGM Infrastructure Cooperative U.A. an scairshealbhóir.
 
DÁTA BRONNTA CONARTHACONRADH BRONNTA ARSAGHAS AN CPP CLÁR RIALTAIS STÁDAS
Aibreán 2013 CPP an N11 ón Inbhear Mór go Ráth Naoi DBOMF Infheistíocht Bhonneagair agus Chaipitil 2012-16 Acomhal Chrois an Fhearainn Nua (arna oscailt i Samhain 2014). N11 an Inbhir Mhóir/Ráth Naoi (arna oscailt in Iúil2015).